Cárbh as an domhan seo agus ár phlanéid?

Smaointe ar céist a thánaig abhaile le páiste.

Tá seo curtha síos mar úrlais a féidir usáid ag múineadh páiste, sula bhfuil orthu scéal simplí an rud céanna a insint do daoine eile. Béigin duit togáil am maith agus mall chun an scéal a n-insint, le fírinne, gan stopadh ar son mion-miniú an céad am ag dul tríd.

Beidh sé soléir duit go gcuireann seo an páiste i gcroí lár an domhan, i spás, agus ar líne am freisin, ach iad slán sabailte le gach té eile ann. Sin téama simplí a feictear. Ní bheidh sé deacair duit ná h-áiteanna a bhféidir leat bheith griannmhar, agus comharthaí a usáid. Tá téarmaí bunusach léirithe i seo.

Braitheann sé ar an páiste, ach ós airde 6 bhliain atá samhlaithe le seo; ach bí cinnte, ní dtuigfeadh seo an céad uair riamh. Beidh siad ar ais chugat le ceisteanna sa toghcaí. ~


NÍ CREIDIM

Níl a fhios againn cad as a tháinig an cruinne seo.

Níl a fhios againn cá bhfuil an cruinne seo ag dul.

Níl a fhios againn fiú an bhfuil níos mó ná cruinne amháin ann.

Ach tá a fhios againn cá bhfuilmuid anois, conas a oibríonn ár domhan, agus cad as a bhfuil sé déanta, agus ár n-áit inti.

Deirimid go bhfuil a fhios againn ar rud éigin más féidir linn é a fheiceáil, nó teagmháil a dhéanamh leis. Seans go mbeidh orainn meaisíní agus uirlisí a thógáil chun rudaí a fheiceáil, agus iad a aimsiú, mar shampla micreascóip, agus fomhuireáin le ceamara, agus teileascóip mhóra a sheolaimid amach sa spás.

Ach is iad sin ár n-innill agus tá a fhios againn conas a oibríonn siad.

Úsáideann na meaisíní sin go leor mata. Uaireanta ní féidir linn rud a fheiceáil go fóill, ach is féidir linn matamaitic a úsáid chun na rudaí nach féidir linn a fheiceáil a fháil amach.

Chun a chinntiú go bhfuil gach duine a deireann go bhfaca siad rud éigin macánta agus fírinneach, táimid ag súil leo i gconaí fianaise a thaispeáint dúinn. Táimid ag súil go n-inseoidh siad dúinn conas a rinne siad rud éigin ionas gur féidir linn é a thriail dúinn féin. Tugaimid turgnamh ar "iarracht ar rud éigin".

Glaoimid Eolaíocht ar an próiséis an méid a fhoghlaimímid a roinnt, agus ligean do dhaoine eile na turgnaimh chéanna a dhéanamh mar aon linne. Nuair nach bhfuil aon fhianaise, nó turgnaimh, ann chun tacú lena bhfuil á rá ag duine, tugaimid Creideamh mar ainm ar sin.

Tá an eolaíocht cumhachtach mar go bhfuilimid cumhachtach le chéile. Ní neart gan cur le chéile. Táimid cumhachtach nuair a oibrímid le chéile agus roinnimid go fírinneach lena chéile. Táimid cumhachtach nuair a thugaimid aire dá chéile agus dár bplainéad, toisc nach bhfuil ceann eile mar é aimsithe againn.

D'fhéachamar ar bhealach an-fhada lenár teileascóip, an-fhada féachaint an bhféadfadh an maireann daoine a bheith ann ar aon phláinéid eile. Ag féachaint fiú, an bhfuil aon pláinéid eile cosúil lenár gcuid féin, áit ar bith.

Nuair a bhíomar ag féachaint thugamar faoi deara go bhfuil gach rud sa chruinne ag bogadh ar shiúl ó gach rud eile.

De bharr na hEolaíochta agus na Matamaitice agus na meaisíní a thógamar, bhíomar in ann cinneadh a dhéanamh go gcaithfidh go raibh gach rud in aon áit amháin ag aon am amháin, fadó.

Toisc gur maith linn ainmneacha spéisiúl a chur ar rudaí, ghlaoigh duine éigin ar an pointe nuair a thosaigh gach rud ag bogadh óna chéile mar "Big Bang". Bhí sé ag éirí greannmhar faoi, ach mar an gnáth scéal, tá an t-ainm greamaithe leis an smaoineamh anois.

Ach níl a fhios againn i ndáiríre cad a tharla an bealach ar fad ar ais ansin.

Ach tá a fhios againn gur tréimhse an-fhada ó shin a bhí ann. Is é an rud atá ar eolas againn ná go bhfuil muid anseo anois. Tá a fhios againn go bhfuil féar glas agus go bhfuil an spéir gorm den chuid is mó.

Freisin, tá a fhios againn cén fáth go bhfuil an féar sin glas, agus cén fáth go bhfuil an spéir gorm den chuid is mó. De bharr na hEolaíochta, agus na Matamaitice, agus de bharr trialacha agus fianaise agus comhroinnte, tá na nithe seo ar fad ar eolas againn. 

Agus tá an oiread sin rudaí ar eolas againn mar gheall ár sinsear feasta atá romhainn a roinn an méid a d’fhoghlaim siad, agus a scríobh rudaí síos ionas go bhféadfaimis seiceáil an raibh a gcuid oibre fíor i bhfad tar éis dóibh imeacht ón saol.

Tá a fhios againn gur éirigh an tsochaí dhaonna níos cliste thar tréimhse an-an-an-fhada ag foghlaim níos mó agus níos mó, agus ag scríobh síos agus ag tarraingt pictiúir den méid a chonaic muid, agus ag roinnt. Mar toradh ar Eolaíocht, turgnaimh, agus muid i gconaí ag ceistií, thugamar faoi deara roinnt rudaí ... neamhghnách.

Thugamar faoi deara go raibh cuma chomhchosúil ar an oiread sin ainmhithe, agus go raibh an líon céanna arm, cosa, sciatháin, súile, béal, teangacha agus fiú tóin acu.

Chonaiceamar fianaise go raibh gaol ag gach ainmhí, sinne san áireamh freisin, agus gur athraigh ainmhithe cosúil linne le himeacht ama. Bhí sé seo fíor i gcás ainmhithe fíor-bheag chomh maith le hainmhithe fíor-mhór. Thugamar an Éabhlóid ar sin, agus tá a fhios againn go bhfuil sé ag tarlú fós inniu, agus míníonn sé cén fáth go bhfuil an oiread sin ainmhithe éagsúla den oiread sin cineálacha éagsúla ann.

B’fhéidir nach bhfuil muid iomlán cinnte cathain a thosaigh sé sin, ach tá a fhios againn go raibh gach giota beag againn i réalta tamall an-fhada ó shin. Síleann roinnt daoine dá bhféadfaimis fanacht fada go leor go bhféadfaimis deireadh a chur le réalta arís lá éigin. D'fhéadfadh sin bheith suimiul.

Is é an rud atá ar eolas againn faoin gcruinne seo ná go bhfuilimid inti, lenár gcairde, agus lenár muintir, agus lenár gcomharsana, agus leis na hainmhithe, agus éisc, agus éin, agus plandaí agus crainn eile go léir.

Tá a fhios againn go bhfuil muid le chéile, ar an phláinéid seo, gorm agus glas, an phlanéid amháin gan phlanéid in ionnan, aon áit. Tá muid ag dul timpeall ar réalta buí álainn a dtugaimid an Ghrian air, agus an t-am ar fad a bhíonn muid ag dul timpeall, cuireann an Ghrian brú ar phlandaí fás, agus go bhfásann muid freisin; tugaimid Am ar sin. Tógann sé thart ar 365 lá, ár bplainéad dul an bealach ar fad thart agus ar ais go dtí an áit ina bhfuil muid anois. Glaoimid Bliain ar an méid sin ama.

Is cuma rómhór cén áit ar tháinig muid nó cá bhfuil muid ag dul. Is é an rud atá fíor-thábhachtach ná go bhfuilimid ag dul ann le chéile, agus go gcabhróimid lena chéile ar an mbealach.

Leave a Reply