Dearbhú Amsterdam 2002

Is toradh é an Daonnachas ar thraidisiún fada saorsmaointeoireachta a spreag mórán de smaointeoirí móra agus d’ealaíontóirí an domhain agus as ar eascair an eolaíocht féin. Is iad seo a leanas bunchlocha an Daonnachais chomhaimseartha:

1. Is ní eiticiúil é an Daonnachas. Dearbhaíonn sé luach, dínit agus neamhspleáchas an duine agus an tsaoirse is mó is féidir a bhaint amach mar cheart ag an duine, ag teacht le cearta daoine eile. Tá sé de dhualgas ar Dhaonnachtaithe aire a thabhairt don chine daonna uile, na glúine atá le teacht san áireamh. Creideann Daonnachtaithe gur de nádúr an duine an mhoráltacht, bunaithe ar thuiscint agus ar mheas ar dhaoine eile, gan gá le ceadú seachtrach.
2. Is ní réasúnach é an Daonnachas. Tá sé d’aidhm ag an Daonnachas feidhm chruthaitheach, ní feidhm mhillteach, a bhaint as an eolaíocht. Creideann Daonnachtaithe go bhfuil réiteach ar fhadhbanna an domhain le fáil ó mhachnamh agus ó ghníomh daonna seachas ó aon ní diaga. Moltar modhanna eolaíochta a úsáid agus saorfhiosrúchán ar fhadhbanna leasa daonna. Ach creideann Daonnachtaithe freisin nach mór d’úsáid na heolaíochta agus na teicneolaíochta a bheith báúil le luachanna daonna. Cuireann an eolaíocht na hacmhainní ar fáil ach tagann an spriocanna ó luachanna daonna.
3. Tacaítear sa Daonnachas leis an daonlathas agus le cearta daonna. Cuspóir de chuid an Daonnachais is ea forbairt gach aon duine oiread agus is féidir. Creidtear gur cearta iad an daonlathas agus an fhorbairt dhaonna. Ní bhaineann prionsabail an daonlathais le modhanna rialtais amháin agus is féidir iad a chur i bhfeidhm in go leor caidreamh daonna.
4. Dearbhaítear sa Daonnachas nach mór do shaoirse phearsanta agus do fhreagracht shóisialta a bheith comhtháite. Féachtar sa Daonnachas domhan a thógáil ar an gcoincheap go bhfuil an saordhuine freagrach don tsochaí agus aithnítear go bhfuilimid ag brath ar an dúlra agus freagrach as. Níl an Daonnachas dogmatach; ní bhrúitear creideamh ar bith ar a bhaill. Mar sin, is d’oideachas saor ó shíolteagasc atá sé meáite.
5. Is réiteach é an Daonnachas ar an éileamh forleathan atá ann do rogha eile seachas reiligiún dogmatach. Maítear i mór-reiligiúin an domhain go bhfuil siad bunaithe ar thaispeántaí atá do-athraithe agus buan, agus féachtar in go leor acu a ndearcadh a bhrú ar an gcine daonna ar fad. Aithnítear sa Daonnachas go dtagann eolas cruinn faoin saol agus fúinn féin ó phróisis leanúnacha breathnóireachta, meastóireachta agus athbhreithnithe.
6. Tuigtear an tábhacht a bhaineann le cruthaitheacht ealaíonta agus leis an tsamhlaíocht sa Daonnachas chomh maith le cumas claochlaithe na n-ealaíon. Dearbhaítear sa Daonnachas gur nithe tábhachtacha iad an litríocht, an ceol, na hamharcealaíona agus na healaíona taibhiúcháin i bhforbairt agus i sásamh an duine.
7. Is seasamh beatha é an Daonnachas ina bhféachtar an sásamh is fearr is féidir a bhaint amach trí shaol eiticiúil agus chruthaitheach a bheith ag duine, agus moltar bealaí eiticiúla agus réasúnacha chun dul i ngleic le dúshláin na linne seo. Tá an Daonnachas ar fáil do gach duine i ngach áit mar mhodh maireachtála.

Is é an chéad rud atá le déanamh againn ná daoine a chur ar an eolas, sa tslí is simplí, faoi bhuntáistí an Daonnachais dóibh agus faoina bhfuiltear ag súil leis uathu. Trí feidhm a bhaint as saorfhiosrú, as cumhacht na heolaíochta agus as samhlaíocht chruthaitheach d’fhonn síocháin a chur chun cinn agus i seirbhís na taise, tá muid muiníneach go bhfuil sé d’acmhainn againn na fadhbanna ar fad atá romhainn go léir a shárú. Iarraimid orthu siúd uile atá ar aon intinn linn a bheith páirteach linn sa saothar seo.
(Aontas Idirnáisiúnta Daonnachtach agus Eiticiúil, 50ú Comhdháil, Amstardam, 2002)

(Aistriú déanta ag Brian Ó Baoill i dtosach)

[Crinniú]